Scéim aisíocaíochta TTLC

Cé a fhéadann aisíocaíocht TTLC a éileamh?

Féadfaidh duine éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht faoin Tobhach um Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC) má shásaíonn siad na Coimisinéirí Ioncaim:

  • go bhfuarthas an chéad soláthar de choincréit réidh le doirt
  • gur úsaid siad an coincréit réidh le doirt sin i monarú táirgí coincréite réamhtheilgthe sa tréimhse 01 Meán Fómhair go 31 Nollaig 2023
  • agus
  • go raibh éileamh bailí tíolactha ar an bhfoirm chuí faoin dáta cuí agus don tsuim chuí.

Tabhair do d’aire

Ní mór éilimh aisíocaíochta don TTLC a dhéanamh ar an 30 Aibreán 2024 nó roimhe agus ní mór go mbeadh na suimeanna ar a ndéantar éilimh níos mó ná €125.

Má dhéanann tú éilimh chalaoiseacha nó mhíchearta ar aisíocaíochtaí an TTLC, féadfaidh sé go ngearrfar pionóis ort. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann tú d’oibleagáidí?

Ar aghaidh: Cén chaoi le héileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht le haghaidh TTLC