Scéim aisíocaíochta TTLC

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht le haghaidh TTLC

Féadtar éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht le haghaidh Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC) tríd an bhFoirm Éilimh Aisíocaíochta TTLC a chomhlánú.

Ba chóir duit an fhoirm seo a chomhlánú agus a shíniú agus í a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí úsáid a bhaint as M’Fhiosruithe. Tá M'Fhiosruithe ar fáil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Luaigh an tagairt 'TTLC' agus d'fhoirm á thíolacadh agat.

Féadfaidh sé go dtabharfar rogha duit féin-chatagóiriú a dhéanamh ar an M’Fhiosruithe bhfiosrúchán agus má tá an rogha seo ar fáil, roghnaigh:

  • "Baineann an fiosrúchán le" - Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite
  • agus
  • “Go sonrach" - Aisíocaíocht TTLC.

Féadfaidh sé go n-iarrfaí ort doiciméid bhreise a thíolacadh leis an bhfoirm chomhlánaithe. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach 'Cad iad na doiciméid a theastaíonn uaim chun éileamh a dhéanamh'.

Ar aghaidh: Cad iad na doiciméid a theastaíonn uaim chun éileamh a dhéanamh?