Tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh

Tréimhsí Cuntasaíochta

Feidhmíonn an Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC) ar bhonn féinmheasúnaithe. Tá na dualgais íocaíochta agus tíolactha do dhaoine inmhuirir a bhaineann leis an TTLC bunaithe ar thréimhsí cuntasaíochta.

Is tréimhsí sé mhí (dé-bhliantúil) iad na tréimhsí cuntasaíochta, seachas an chéad tréimhse chuntasaíochta, chun críocha an TTLC.

Is í an chéad tréimhse chuntasaíochta don tobhach ná ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023. Is tréimhsí sé mhí (dé-bhliantúil) iad tréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin, mar shampla:

  • 1 Eanáir 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2024
  • agus
  • 01 Iúil 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024.

Ar aghaidh: Dátaí íocaíochta agus tíolactha