Ag clárú don TTLC

Cén chaoi le díchlárú ón TTLC

Má scoireann tú de na chéad soláthairtí a dhéanamh de tháirgí coincréite laistigh de raon feidhme an tobhaigh, ba chóir duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas nach tú an duine inmhuirir a thuilleadh. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit díchlárú ón Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC).

Más úsáideoir ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) thú

Más úsáideoir ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) thú, féadtar díchlárú ón TTLC ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Sa rannán 'Seirbhísí Eile' den scáileán 'Mo Sheirbhísí Féin', cliceáil ar an nasc 'Bainistigh Clárúcháin Chánach'.
  3. Cliceáil ar 'Scor den Chlárúchán' sa chatagóir Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite.

Beidh an dáta scoir réamhshocraithe go dtí an dáta reatha agus bíonn cúis scoir ag teastáil.

Más úsáideoir moChúrsaí thú

Más úsáideoir moChúrsaí thú, féadtar díchlárú ón TTLC ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. cliceáil ar 'Clárúcháin Chánach' faoin gcárta 'Bainistigh Mo Thaifead'.
  3. Roghnaigh "Stad" ar an líne chineál cánach 'Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite'.

Beidh an dáta scoir réamhshocraithe go dtí an dáta reatha.