Ag clárú don TTLC

  1. Léargas ginearálta
  2. Cén chaoi le clárú le haghaidh TTLC
  3. Cén chaoi le díchlárú ón TTLC

Cén chaoi le clárú le haghaidh TTLC

Ag brath ar do chúinsí, féadfaidh sé go mbeidh ort clárú don Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC) trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí a úsáid.

Clárúchán d'úsáideoirí ROS

Más úsáideoir ROS thú, féadtar clárú don TTLC ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Sa rannán 'Seirbhísí Eile' den scáileán 'Mo Sheirbhísí Féin', cliceáil ar an nasc 'Bainistigh Clárúcháin Chánach'.
  3. Roghnaigh an chatagóir 'Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite'.

Clárúchán d'úsáideoirí moChúrsaí

Más úsáideoir moChúrsaí thú, féadtar clárú don TTLC ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar 'Clárúcháin Chánach' faoin gcárta 'Bainistigh Mo Thaifead'.
  3. Roghnaigh "Cláraigh" ar an líne chineál cánach 'Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite'.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bpróiseas Tobhaigh ar Tháirgí Lochtacha Coincréite, féach an Tax and Duty Manual Part 18E-00-01.

Tabhair do d’aire

Ní mór duit clárú don TTLC sula ndéanfaidh tú an chéad soláthar de tháirgí coincréite faoi dhliteanas ar an 1 Meán Fómhair 2023, nó dá éis. Féadfaidh Gníomhairí Cánach clárú thar ceann a gcliant trí ROS.

Ar aghaidh: Cén chaoi le díchlárú ón TTLC