Ag clárú don TTLC

Léargas ginearálta

Má dhéanann tú an chéad soláthar de tháirge coincréite laistigh de raon feidhme an tobhaigh, is tusa an duine inmhuirir. Ní mór do gach duine inmhuirir clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim don Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC) sula ndéanann siad a gcéad soláthar.

Féadann gnóthaí clárú don tobhach ar líne ón 14 Lúnasa 2023 trí úsáid a bhaint as seirbhís ríomh-Chlárúcháin na gCoimisinéirí Ioncaim atá ar fáil ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Tá eolas breise maidir le rochtain a fháil ar an tseirbhís ríomh-Chlárúcháin ar fáil ag Bainistigh do chlárúcháin chánach.

Ba chóir duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas nach duine inmhuirir tú don TTLC a thuilleadh má scoireann tú de na chéad soláthairtí a dhéanamh de tháirgí coincréite. 

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cén chaoi le díchlárú ón TTLC.

Ar aghaidh: Cén chaoi le clárú le haghaidh TTLC