Faoiseamh cánach le haghaidh cuideachtaí nua-thionscanta

Cén chaoi a ndéantar an faoiseamh a ríomh?

Braitheann an méid a fhéadtar a éileamh ar an méid Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) d’Fhostóirí a íocann tú. Beidh d’fhaoiseamh teoranta don mhéid ÁSPC d’fhostóirí a íocann tú. Féadtar an méid seo a laghdú má íocann tú thar an méid teoranta, is é sin €5,000 do gach fostaí nó an teorainn ÁSPC iomlán, is é sin €40,000. Mar shampla, má íoctar €6,000 d’ÁSPC d’fhostóirí d’fhostaí amháin, ní mheasfar ach €5,000 le haghaidh faoisimh.

Páirtfhaoiseamh

Má tá do CC dlite idir €40,000 agus €60,000, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal páirtfhaoiseamh a éileamh (tugtar faoiseamh imeallach air freisin) in áit faoiseamh iomlán.

Faoiseamh nár úsáideadh a thabhairt ar aghaidh

Ó 2013, féadfaidh sé a bheith indéanta do do chomhlacht aon fhaoiseamh nár úsáideadh ó:

  •  an chéad cúig bliana trádála sa chás gur bunaíodh an trádáil cháilitheach ar nó tar éis 1 Eanáir 2018.

  • an chéad trí bliana trádála sa chás gur bunaíodh an trádáil cháilitheach roimh 1 Eanáir 2018

Ar aghaidh: Cén chaoi a gcuirtear isteach ar fhaoiseamh cánach le haghaidh do chomhlachta nuathionscanta?