Athchóirithe
Frásaí coitianta
Nuair a bhíonn feithicil á hathchóiriú agat, tiocfaidh tú ar roinnt frásaí a úsáidtear go rialta.
Achoimre ar chatagóirí feithicle an Aontais Eorpach:
- Catagóir M1: feithiclí paisinéirí nach bhfuil níos mó ná ocht suíochán iontu (i dteannta shuíochán an tiománaí).
- Catagóir M2: busanna nach bhfuil níos mó ná ocht suíochán iontu (i dteannta shuíochán an tiománaí) agus a bhfuil meacháin níos éadroime ná 5 thonna acu.
- Catagóir M3: busanna a bhfuil níos mó ná ocht suíochán iontu (i dteannta shuíochán an tiománaí) agus a bhfuil meacháin níos troime ná 5 thonna acu.
- Catagóir N1: feithiclí beaga tráchtála deartha chun earraí a iompar agus nach bhfuil meacháin níos troime ná 3.5 tona acu.
- Catagóir N2: feithiclí tráchtála a bhfuil meacháin níos troime ná 3.5 tona ach níos lú ná 12 thonna acu
- Catagóir N3: feithiclí tráchtála a bhfuil meacháin níos troime ná 12 thonna acu.
Tá tuilleadh mioneolais ar fáil ar chreat-treoir an Aontais Eorpaigh.
Cóid Chabhalra an AE
Catagóir | Cód Cabhalra | Cur síos | Catagóir | Cód Cabhalra | Cur síos |
M1 |
AA |
Salún |
M2, M3 |
CA |
Aon Urlár |
M1 |
AB |
Salún Cúlhaiste |
M2, M3 |
CB |
Dhá Urlár |
M1 |
AC |
Vaigíní stáisiúin |
M2, M3 |
CC |
Feithicil altach aon urláir |
M1 |
AD |
Coupé |
M2, M3 |
CD |
Feithicil altach dhá urlár |
M1 |
AE |
Feithicil dín infhillte |
M2, M3 |
CE |
Feithicil aon urláir agus urlár íseal inti |
M1 |
AF |
Feithicil ilchuspóireach |
M2, M3 |
CF |
Feithicil dhá urlár agus urlár íseal inti |
M1 |
SA |
Mótarcharbháin |
M2, M3 |
CG |
Feithicil altach aon urláir agus urlár íseal inti |
N |
BA |
Leoraí |
M2, M3 |
CH |
Feithicil altach dhá urlár agus urlár íseal inti |
N |
BB |
Leoraí Veain |
|
|
|
N |
BE |
Trucailín |
|
|
|
An Cineálcheadú
Is é seo an nós imeachta i gcás ina ndeimhníonn údarás ábhartha go gcomhlíonann cineál feithicle na riachtanais theicniúla chuí uile.
Ní mór cineálcheadú a bheith ag gach feithicil.
Is é tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) an tÚdarás ar chineálcheadú in Éirinn.
Deimhniú Comhréireachta
Cruthaíonn déantóirí feithiclí tacar sonraí uathúil le haghaidh gach uile fheithicil aonair a dhéanann siad. Taispeánann an tacar sonraí seo na sonraí cineálcheadaithe, chomh maith le sonraí na feithicle aonair sin.
Ar aghaidh: Athchóiriú