Athchóirithe
Duine a bhfuil na Cáilíochtaí Cuí aige/aici (SQI)
Ní mór athchóiriú a bheith deimhnithe ag Duine a bhfuil na Cáilíochtaí Cuí aige/aici (SQI).
Ní mór do SQI na háiseanna agus an trealamh cuí a bheith aige/aici chun an scrúdú a dhéanamh agus an deimhniúchán a chríochnú.
Ní mór na cailíochtaí seo a leanas a bheith ag SQI:
- Cáilíocht innealtóireachta nó theicniúil (cúrsa Leibhéal 7 nó ard-chúrsa creidiúnaithe). De rogha air sin, glacfar le creidiúnú cuí le hInnealtóirí Éireann nó leis an Institiúid na Measúnóirí Innealtóireachta Mótarfheithicle
- Cúig bliana taithí ar a laghad ag obair i dtimpeallacht theicniúil oiriúnach (timpeallacht mótarfheithicle nó innealtóireachta más féidir)
- Rochtain ar áiseanna dóthanacha chun scrúdú críochnúil feithicle a dhéanamh
- agus
- Árachas slánaíochta gairmiúla cuí
- nó
- Ní mór gur áis cheadaithe atá ann (Approved Test Centre (ATC) nó Approved Workshop for Conversion of Vehicles for Disabled Drivers).
Ar aghaidh: Feithiclí ar leith