Cánachas ar scaireanna a bhaineann le fostaíocht

Urrúis in-chomhshóite

Féadfaidh sé go mbronnfadh d’fhostóir urrús in-chomhshóite ort. Is cineál scaire nó stoic é urrús in-chomhshóite a fhéadtar a chomhshó nó a mhalartú le haghaidh cineál eile scaire nó stoic. Sainmhínítear urrúis go forleathan agus mar shampla, is féidir iad a chur san áireamh:

  • scaireanna
  • bannaí
  • bintiúir
  • nótaí iasachta
  • agus
  • roghanna.

Cáin i leith fháltas ar urrúis in-chomhshóite

Ní mór duit Cáin Ioncaiman Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ar fháltas urrús in-chomhshóite a fháil. Braitheann an méid a ngearrtar cáin ort ar cibé an gcaitear leis an urrús in-chomhshóite mar seo a leanas:

Déantar neamhaird don cheart comhshóite nuair atá an muirear cánach á ríomh agat ar an dáta a fhaigheann tú é.

Más urrús in-chomhshóite atá sa scair rogha, agus gur fheidhmigh tú é roimh an 1 Eanáir 2024, ní mór duit aon cháin a íoc go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim tú féin.

Más scair-rogha é an t-urrús in-chomhshóite a fheidhmítear ar an 1 Eanáir 2024 nó dá éis, asbhainfidh d'fhostóir Cáin Ioncaim tríd an bpárolla. Tá eolas ar an gcaoi le scair-roghanna a thuairisciú ar fáil in Scéimeanna scair-rogha neamhcheadaithe.

Mura bhfuil an t-urrús mar scair-rogha, déanfaidh d’fhostóir na hasbhaintí chuí tríd an bpárolla agus íocfaidh siad an cháin go díreach leis an Ard-Bhailitheoir.

Cánachas ar ‘imeachta inmhuirir’ a tharlú

Féadfaidh sé go dtiocfaidh gnóthachan chun cinn nuair a tharlaíonn imeacht inmhuirir. Ní mór duit Cáin Ioncaim, MSU agus ÁSPC a íoc ar an ngnóthachan seo.

Meastar go bhfuil tú i do 'dhuine inmhuirir' sa bhliain ina dtarlaíonn an t-imeacht inmhuirir. Ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim don bhliain sin a thíolacadh.

Tá ceithre chineál imeacht inmhuirir a d’fhéadfadh teacht chun cinn:

  1. D’urrúis in-chomhshóite a chomhshó.
  2. Do theidlíocht chun comhshó a dhéanamh i leith comaoin a scaoileadh.
  3. D’urrúis a dhiúscairt agus iad fós in-chomhshóite.
  4. Sochair a fháil i leith do theidlíocht chun comhshó a dhéanamh.

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Má dhiúscraíonn tú d’urrúis, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas (CGC). Ní mór duit an diúscairt seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim, fiú mura bhfuil aon cháin dlite. Ní dhéanfaidh d’fhostóir aon asbhaint chánach nó an diúscairt a thuairisciú ar do shon.

Nuair atá do ghnóthachan inmhuirir á ríomh, cuirfear an méid a bhí tú inmhuirir ó thaobh cánach le costas fála na n-urrúis.

Ar aghaidh: Pleananna Ceannaithe Scaireanna d'Fhostaithe (PCSF)