Cairt custaiméirí

Cairt

Seasmhacht, cothromas agus rúndacht

Déanfaidh na Coimisinéirí riaradh cothrom, réasúnach agus seasmhach faoin dlí gan níos mó cánach nó dleachta a bhailiú ná an méid ceart atá dlite.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhionannas agus cearta daonna a chosaint agus a mheas inár seirbhísí, nósanna imeachta agus próisis de réir ár ngealltanais mar chuid de Dhualgais na hEarnála Poiblí.[1]

Déileálfaidh na Coimisinéirí faoi rún leis an eolas a thugann tú dúinn agus cinnteoidh siad nach ndéanfar é a úsáid ná a nochtadh ach amháin mar a leagann an dlí síos.

Cuirtéis agus tuiscint

Féadfaidh tusa bheith ag súil leis:

  • go gcaithfear leat le cuirtéis agus le tuiscint ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus tú ag plé leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Féadfaidh muidne a bheith ag súil leis an méid seo uaitse:

  • go gcaithfidh tú lenár n-oifigigh le cuirtéis agus go dtabharfaidh tú gach comhoibriú réasúnach dóibh.

Eolas agus cúnamh

Féadfaidh tusa bheith ag súil leis:

  • go dtabharfar an t-eolas is gá duit mar aon le gach cúnamh réasúnach lena chur ar do chumas d'oibleagáidí cánach agus custam a thuiscint go soiléir agus a chomhlíonadh agus do chearta agus do chreidmheasanna a éileamh.

Féadaimidne bheith ag súil leis:

  • go soláthróidh tú eolas fíor agus cruinn i ngach cumarsáid agat linn agus go gcuirfidh tú ar an eolas muid go tráthúil faoi aon athrú, amhail athrú ar sheoladh, bunú nó scor gnó, a bhaineann le do chúrsaí cánach agus/nó custam.

Toimhde an ionracais

Féadfaidh tusa bheith ag súil leis:

  • go gcaithfear leat mar dhuine ionraic sna déileálacha agat linn, mura bhfuil cúis shoiléir a mhalairt a chreidiúint agus faoi réir na freagrachta atá orainn comhlíonadh na ndlíthe cánach agus custam a chinntiú.

Féadfaidh muidne a bheith ag súil leis an méid seo uaitse:

  • go ndéileálfaidh tú ar bhealach ionraic leis na Coimisinéirí Ioncaim tríd an gcáin agus an dleacht atá dlite ort a íoc a thíolacadh agus gan ach na teidlíochtaí agus na creidmheasanna cánach atá dlite duit a lorg.

Costais um Chomhlíonadh

Féadfaidh tusa bheith ag súil leis:

  • go riarfar na córais chánach agus dleachta ar bhealach a laghdóidh costais chomhlíontachta oiread agus is féidir.

Féadfaidh muidne a bheith ag súil leis an méid seo uaitse:

  • go gcoimeádfaidh tú taifid agus cuntais chearta agus go gcinnteoidh tú go bhfuil do thuairisceáin agus dearbhuithe comhlánaithe ina n-iomláine go cruinn agus go tráthúil.

Gearáin, athbhreithniú agus achomharc

Tá nósanna imeachta cuimsitheacha ann maidir le gearáin agus achomhairc ar féidir lenár gcustaiméirí uile leas a bhaint astu.

Gearáin

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh sa chás go bhfuil tú míshásta leis an tseirbhís a chuireann muid ar fáil nó le hiompar oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus iad ag déileáil leat. Molann muid duit leas a bhaint as an nós imeachta seo má tá tú míshásta ar chúis ar bith lenár n-iompar. Sa chás nach bhfuil tú sásta le freagra na gCoimisinéirí Ioncaim ar ghearán, féadfaidh sé go gcuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig athbhreithneoir neamhspleách. Chun sonraí iomlána a fháil faoinár nósanna imeachta gearáin go léir, féach An chaoi le gearán a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Ba chóir duit an méid seo a thabhairt do d’aire:

  • má dhéanann tú gearán, déileálfaidh na Coimisinéirí leis go pras, go neamhchlaonta agus faoi rún
  • má bhaineann tú leas as nósanna imeachta gearáin na gCoimisinéirí Ioncaim, ní chuirfidh sé sin isteach riamh ar
    • do cheart chun saincheisteanna ardú leis
      • an tOmbudsman
      • an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre
    • do cheart chun:
      • gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas
      • achomharc a dhéanamh leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Achomhairc

Sa chás nach n-aontaíonn tú le cinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, amhail cinneadh maidir le dliteanas, bainteach le hábhar cánach nó custam, féadfaidh tú é seo a achomharc go díreach chuig an An Coimisiún um Achomhairc Chánach[2] atá neamhspleách ó thaobh reachtaíochta de.

[1] Tá freagracht ar gach comhlacht poiblí in Éirinn, faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine nó Dualgas na hEarnála Poiblí, comhionannas a chur chun cinn, idirdhealú a chosc agus cearta daonna a bhfostaithe, a gcustaiméirí, úsáideoirí seirbhíse, agus gach duine a imríonn a mbeartais agus a bpleananna tionchar orthu a chosaint. Is oibleagáid dhlíthiúil é seo agus tá sé le fáil in Alt 42 d'Acht na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar ár bPlean Gníomhaíochta um Dhualgas na hEarnála Poiblí.

[2] Tá faisnéis faoi "ceisteanna inchomhairc" leagtha amach sa reachtaíocht chánach ábhartha. Áirítear leo seo formhór na gcinntí a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim a bhféadfadh dliteanas cánach méadaithe nó séanadh faoisimh a bheith mar thoradh orthu.

Ar aghaidh: Prionsabail maidir le seachadadh seirbhíse