Cairt custaiméirí

  1. Léargas ginearálta
  2. Cairt
  3. Prionsabail maidir le seachadadh seirbhíse
  4. An chaoi a gcabhraíonn muid leat do chúrsaí cánach agus custam a bhainistiú

An chaoi a gcabhraíonn muid leat do chúrsaí cánach agus custam a bhainistiú

I gcomhréir le hAthnuachan na Státseirbhíse 2030 agus chun rochtain agus úsáid fhorleathan seirbhísí poiblí digiteacha a chinntiú, tabharfaimid tús áite dár gcuid ardáin ar líne/leictreonacha.

Ár gcuid ardáin féinseirbhíse ar líne

Is iad ár seirbhísí ar líne, ar nós moChúrsaí, Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus na Córais Iompórtála agus Easpórtála Uathoibríoch Custam (AIS/AES) na bealaí is tapúla, is éasca agus is áisiúla chun gnó a dhéanamh linn. I bhformhór na gcásanna beidh tú in ann d'idirbheart a chur i gcrích láithreach gan aon ghá le tuilleadh teagmhála a dhéanamh linn. I measc na samplaí, áirítear do sheoladh a athrú, costais leighis a éileamh do do theaghlach nó imréiteach custam a fháil le haghaidh idirbheart iompórtála nó easpórtála.

Revenue.ie

Tá treoir agus faisnéis theicniúil cothrom le dáta ar ár suíomh idirlín www.revenue.ie do chustaiméirí, do ghníomhairí, do chomhairleoirí agus do dhaoine eile atá ag obair i gcustam agus i gcánachas agus ba chóir go mbeadh sé ar an gcéad áit a imíonn tú má tuilleadh eolais uait. Tá eolas maidir le do chearta agus d'oibleagáidí cánach agus custam leagtha amach i bhfoirm achomair ardleibhéil agus níos mionsonraithe sna Lámhleabhair Chánach agus Dleachta. Déantar an fhaisnéis ar Revenue.ie a nuashonrú go leanúnach agus cuireann muid fáilte roimh aiseolas ó chustaiméirí maidir le moltaí chun aon réimse a fheabhsú. 

Teagmháil le hoifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim

Teagmháil leictreonach

Sa chás nach bhfuil tú in ann d'idirbhearta a chur i gcrích ar líne agus gur gá duit teagmháil dhíreach a dhéanamh linn, is seirbhís shlán ar líne é M'Fhiosruithe a ligeann duit comhfhreagras a sheoladh, a fháil agus a rianú chuig agus ó na Coimisinéirí Ioncaim. Cuirfidh muid d'fhiosrúchán ar aghaidh chuig an oifigeach is fearr atá in ann freagra a thabhairt ar an gceist áirithe a ardaíodh.

Déanfaidh muid ár ndícheall gach fiosrúchán a fhreagairt chomh luath agus is féidir. Ba mhaith linn go mbeadh tú eolach go mbeidh tionchar ag castacht d'fhiosrú agus ag líon na bhfiosruithe a fhaightear le linn tréimhsí níos gnóthaí ar thréimhsí feithimh.

Teagmháil dhíreach

Mura bhfuil tú in ann ár gcuid ardáin leictreonacha a úsáid ar chúis éigin, féadtar teagmháil a dhéanamh linn ar ár línte fóin, áit a gcuirfidh ár bhfoireann iad féin in aithne, a dhéileáilfear leat go béasach agus go gairmiúil agus chuirfear an fhaisnéis a theastaíonn uait ar fáil duit. Déantar glaonna a thaifeadadh chun críocha dearbhaithe cáilíochta.

I gcás cáiníocóirí, agus ar chúiseanna éagsúla, nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim, nó arbh fhearr leo cruinniú aghaidh ar aghaidh a bheith acu, féadtar coinní fíorúla agus coinní pearsanta a shocrú. Cuireann na coinní seo deireadh le hamanna feithimh agus tugann siad deis do cháiníocóirí am a roghnú atá áisiúil dóibh. Ligeann coinne fhíorúil do cháiníocóir labhairt le hoifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim trí fhísghlaoch a fhéadtar a dhéanamh ó theach an cháiníocóra, rud a fhágann nach gá dóibh freastal ar oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Chun sonraí a fháil maidir le conas teagmháil a dhéanamh linn, féach an rannán Déan teagmháil linn ar ár suíomh idirlín.

Má theastaíonn tacaíocht bhreise uait chun rochtain a fháil ar ár seirbhísí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le duine dár nOifigigh Rochtana oilte, arna gceapadh faoin Acht um Míchumas. Tá Oifigigh rochtana freagrach as cabhair a sholáthar nó a eagrú do dhaoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí a sholáthraíonn na Coimisinéirí Ioncaim. Chun sonraí a fháil maidir le conas leas a bhaint as an tseirbhís seo, féach leathanach na nOifigeach Rochtana ar ár suíomh idirlín.