Cairt custaiméirí
Prionsabail maidir le seachadadh seirbhíse
Chun cuspóirí an Chairt a bhaint amach, cloífidh muid leis na prionsabail a leanas:
Idirghníomhaíochtaí seirbhíse ardchaighdeáin do chustaiméirí
Déileálfaidh muid leat ar bhealach gairmiúil agus muid i mbun cumarsáide ar na hardáin teagmhála go léir atá againn.
Cuirfidh muid seirbhísí d'ardchaighdeáin ar fáil cibé an dtéann tú i dteagmháil linn trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.
Cosnóidh muid d'fhaisnéis phearsanta de réir na reachtaíochta um chosaint sonraí.
Seirbhísí ar líne
I gcás custaiméirí a úsáideann ár gcuid seirbhísí digiteacha, cuirfimid seirbhísí digiteacha ar fáil atá éasca le húsáid, slán agus iontaofa. Cuirfimid seirbhísí ar líne ar fáil atá inrochtana don líon is mó daoine agus is féidir, beag beann ar theicneolaíocht nó ar chumas.
Iarrfar ar ár gcustaiméirí faoina dtaithí úsáideora lenár gcórais chun a fhíorú go bhfuil siad éasca le húsáid. Leanfaidh muid orainn ag feabhsú ár gcórais bunaithe ar riachtanais chustaiméirí agus a gcuid aiseolais.
Cuirfidh muid an tacaíocht agus an cúnamh a theastaíonn ar fáil chun cur ar chumas custaiméirí ár gcórais a úsáid, lena n-áirítear tacaíocht fóin d'aon duine a bhfuil deacrachtaí teicniúla acu rochtain a fháil ar ár gcórais ar líne amhail Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus moChúrsaí.
Faisnéis
Cuirfidh muid ábhar ginéaralta ar fáil ar ár suíomh idirlín i bhfoclaíocht atá soiléir chun cuidiú leat do chuid oibleagáidí agus cearta a thuiscint.
Sa chás go mbíonn eolas teicniúil i gceist, cuirfidh muid treoir níos mionsonraithe ar fáil trí úsáid a bhaint as fhoclaíocht shimplí leis an sraith fhairsing Lámhleabhair Cánach agus Dleachta ar ár súiomh idirlín.
Déanfaidh muid athbhreithniú agus athnuachan leanúnach ar ábhar an tsuímh idirlín chun a chinntiú go bhfuil sé cothrom le dáta agus gur féidir brath air.
Rochtain do chustaiméirí
Geallann muid inrochtaineacht a sholáthar dár gcustaiméirí go léir trí réimse seirbhísí agus pointí teagmhála a chur ar fáil atá éasca le húsáid.
Tabharfaidh muid tacaíocht do chustaiméirí a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu, de bharr cúinsí pearsanta, rochtain a fháil ar ár seirbhísí. Rachaidh muid i gcomhairle le grúpaí ionadaíocha do ghrúpaí áirithe custaiméirí a bhféadfadh tacaíocht bhreise a bheith ag teastáil uathu chun a chinntiú go bhfreastalaíonn ár seirbhís ar a gcuid riachtanais.
Tuairisciú ar fheidhmíocht
Chun cuntasacht a chinntiú, geallann muid tuairiscí feidhmíochta rialta a fhoilsiú maidir lenár seachadadh seirbhíse.
Ar aghaidh: An chaoi a gcabhraíonn muid leat do chúrsaí cánach agus custam a bhainistiú