Do thuairisceán Cánach Bronntanais nó oidhreachta a chomhlánú (IT38)
Dualgais tíolactha
Beidh dualgais tíolactha éagsúla ort ag brath ar cibé an tairbhí nó diúscróir thú.
Dualgais tíolactha do thairbhithe
Tá trí ghrúpthairseach éagsúla saor ó cháin ann. Braitheann na tairseacha seo ar do ghaol leis an duine atá ag tabhairt an bhronntanais nó na hoidhreachta. Ní mór cáin a íoc nuair a sháraíonn luach incháinithe iomlán na mbronntanas nó na n-oidhreachtaí uile a fuarthas laistigh d’aon ghrúpa an tairseach sin.
Má sháraíonn luach incháinithe iomlán do bhronntanas agus oidhreachtaí 80% den ghrúpthairseach chuí, ní mór duit tuairisceán IT38 a thíolacadh. Tá an dualgas seo i bhfeidhm cé go féadfaidh sé nach bhfuil dliteanas Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC) agat.
Chun an 80% a ríomh, comhiomlánaigh luach incháinithe na sochar uile a fuarthas laistigh den ghrúpthairseach chéanna ón 5 Nollaig 1991.
Bain úsáid as moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun do thuairisceán IT38 a chomhlánú agus a thíolacadh.
Dualgais tíolactha má éilítear faoiseamh gnó nó talmhaíochta
Má tá Faoiseamh Talmhaíochta nó Faoiseamh Gnó á éileamh agat ar bhronntanas nó oidhreacht, ní mór duit tuairisceán CFC a thíolacadh. Tá feidhm aige seo is cuma faoi luach incháinithe maoine talmhaíochta nó gnó agus a cion den ghrúpthairseach ábhartha.
Dualgais tíolactha le haghaidh iasachtaí áirithe saor ó ús
Má fhaigheann tú bronntanas maidir le hiasacht saor ó ús, féadfaidh sé go mbeidh ort tuairisceán CFC a thíolacadh. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Dualgais tíolactha maidir le hiasachtaí áirithe saor ó ús.
Dualgais tíolactha do dhiúscróirí
Má thugann tú bronntanas do dhuine eile, féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ort tuairisceán IT38 a thíolacadh sna cásanna seo a leanas:
Ar aghaidh: Dualgais tíolactha le haghaidh iasachtaí áirithe saor ó ús