Do Cháin Ioncaim a ríomh
Bonn cánachais
Is é an bonn cánach ábhartha a chinneann méideanna do chreidmheasanna cánach pearsanta agus banda ráta a chuirtear i bhfeidhm in aon tréimhse phá. Cinnfidh sé seo an chaoi a ngearrtar cáin ar d'ioncam.
Bunaithe ar do chúinsí aonair, féadtar cáin a ghearradh ar d'ioncam ar bhonn carnach, ar bhonn sheachtain 1 nó ar bhonn éigeandála.
Bonn carnach
Is gnách go ríomhtar cáin sa phárolla leis an ‘mbonn carnach’ le haghaidh gach lá pá. Carntar an t-ioncam agus na creidmheasanna cánach ón 1 Eanáir le cinntiú go bhfuil an cháin cheart íoctha agat. Cinntíonn sé seo go bhfuair tú sochar do chreidmheasanna cánach go dáta.
Bonn Sheachtain 1
Uaireanta, déantar cáin a ríomh ar bhonn Sheachtain 1. Féadtar Deimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) a fháil ar bhonn Sheachtain 1 (tugtar ‘an bonn neamhcharnach’ air seo freisin). Ciallaíonn sé seo go mbainfidh d’fhostóir Cáin Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) ó do phá ar bhonn sheachtain ar sheachtain. Ní dhéantar do chreidmheasanna cánach agus bandaí ráta bliantúla a shiardhátú go 1 Eanáir agus ní charntar iad le haghaidh gach tréimhse phá. Ní fhéadann d’fhostóir aon aisíocaíochtaí Cánach Ioncaim ná MSU a fhéadfaidh a bheith dlite duit a dhéanamh leat go dtí go n-eisítear deimhniú creidmheasanna cánach ‘carnach’.
Úsáidtear bonn Sheachtain 1 ar chúiseanna éagsúla, mar shampla:
- má bhíonn laghdú mór i do chreidmheasanna cánach a d’fhéadfadh cruatan a chruthú duit
- má bhíonn easpa eolais ann maidir le d’fhostaíochtaí roimhe sin nó tuillimh sa bhliain cánach reatha
- tháinig tú isteach ó áit thar lear chun dul ag obair in Éirinn ach níl a fhios againn cén fhad atá tú ag iarraidh fanacht anseo
- aistríonn tú do chreidmheasanna cánach agus do bhandaí ráta chuig do chéile nó do pháirtnéir sibhialta
- ní theastaíonn uait go mbeadh sonraí maidir le d’fhostaíochtaí, do phá ná do cháin roimhe seo ar eolas ag d’fhostóir nua.
- Sampla
Is fostaí ÍMAT é Seán. Tá sé singil agus seo a leanas a chuid creidmheasanna cánach agus a bhanda ráta le haghaidh 2025:
Creidmheasanna cánach agus banda ráta
Cur síos
|
Luach
|
Creidmheas Cánach Duine Aonair
|
€2,000
|
Creidmheas Cánach ÍMAT
|
€2,000
|
Iomlán na gcreidmheasanna cánach
|
€4,000 in aghaidh na bliana (€76.92 in aghaidh na seachtaine)
|
Banda ráta
|
€44,000 in aghaidh na bliana (€846.16 in aghaidh na seachtaine)
|
Tugadh DCC do Sheán ar a léiríodh na creidmheasanna cánach agus banda ráta seo, agus ar a léiríonn go bhfuil bonn Sheachtain 1 i bhfeidhm. Cuireadh Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) ar fáil dá fhostóir leis an méid iomlán.
Tuilleann Seán €600 in aghaidh na seachtaine. Is é seo an chaoi a ríomhtar a cháin sheachtainiúil:
Ríomh cánach seachtainiúil Sheáin do lá pá 14 Eanáir 2025
Cur síos | Cáin Ioncaim | Cáin | Míniú |
Cáin ag 20%
|
€600
|
€120.00
|
Cuir an ráta caighdeánach 20% i bhfeidhm suas le teorainn an bhanda ráta (846.16) ar an FPCI.
|
Cáin gearrtha ag an ráta 40%
|
€0
|
€0
|
Ós rud é gur lú ioncam Sheáin (€600) ná a bhanda ráta (€846.16), ní íocann sé cáin ag an ardráta 40% an tseachtain seo.
|
Cáin chomhlán
|
|
€120
|
Suimigh an tsuim chánach ag an ráta caighdeánach le suim na cánach ag an ardráta (más ann dó).
|
Lúide creidmheasanna cánach
|
|
€76.92
|
Bain uaidh na creidmheasanna cánach mar a léirítear ar an Deimhniú Creidmheasanna Cánach.
|
Cáin Iníoctha
|
|
€43.08
|
Cáin chomhlán lúide creidmheasanna.
|
Ríomh cánach seachtainiúil Sheáin do lá pá 21 Eanáir 2025
Cur síos | Cáin Ioncaim | Cáin | Míniú |
Cáin gearrtha ag an ráta 20%
|
€600
|
€120.00
|
Cuir an ráta caighdeánach 20% i bhfeidhm suas le teorainn an bhanda ráta (€846.16) ar an FPCI.
|
Cáin gearrtha ag an ráta 40%
|
€0
|
€0
|
Ós rud é gur lú ioncam Sheáin (€600) ná a bhanda ráta (€846.16), ní íocann sé cáin ag an ardráta 40% an tseachtain seo.
|
Cáin chomhlán
|
|
€120.00
|
Suimigh an tsuim chánach ag an ráta caighdeánach le suim na cánach ag an ardráta (más ann dó).
|
Lúide creidmheasanna cánach
|
|
€76.92
|
Bain uaidh na creidmheasanna cánach mar a léirítear ar an Deimhniú Creidmheasanna Cánach.
|
Cáin iníoctha
|
|
€43.08
|
Cáin chomhlán lúide creidmheasanna.
|
Féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le fáil amach cén fáth a bhfuil tú ar an mbonn Sheachtain 1 tríd an tseirbhís M’Fhiosruithe in moChúrsaí a úsáid.
Má tá tú fós ar bhonn Sheachtain 1 ag deireadh na bliana, ba chóir duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh. Féadtar Tuairisceán Cánach Ioncaim a fháil in ‘Seirbhísí ÍMAT’ in moChúrsaí. Déanfaimid athbhreithniú ansin ar do shuíomh cánach don bhliain.
Bonn éigeandála
Féadfaidh d'fhostóir bonn cánach éigeandála a chur i bhfeidhm i gcúinsí áirithe.
Tá rialacha éagsúla i bhfeidhm maidir le Cáin Éigeandála ag brath ar cibé an bhfuil do UPSP curtha ar fáil agat do d'fhostóir agus an bhfuil tú cláraithe le haghaidh Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT).
Ar aghaidh: Céard is pá comhlán agus pá incháinithe ann?