Do Cháin Ioncaim a ríomh

Féachaint ar do shonraí pá agus cánach

 Ón 01 Eanáir 2019, tá dualgas ar d’fhostóir do phá agus d'asbhaintí Cánach Ioncaim a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar, nó roimh, gach dáta Íocaíochta.

Más chustaiméir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, féadtar féachaint ar do shonraí pá agus cánach thuairiscithe ag d’fhostóir. Tá an t-eolas seo tugtha suas chun dáta thar oíche agus féadtar teacht ar trí 'Seirbhísí ÍMAT' i moChúrsaí.

Don bhliain reatha, chun teacht ar an t-eolas seo:

  1. Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do Cháin’ sa chárta 'Seirbhísí ÍMAT' ar leathanach baile moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Amharc’ in aice leis an bpost nó pinsean atá uait.
  3. Beidh do shonraí párolla don bhliain go dtí seo le feiceáil anseo.
  4. Cliceáil ar an nasc ‘Amharc’ in aice le aon tíolacadh párolla sonrach atá uait.

Féadtar feachaint ar do shonraí pá agus cánach le haghaidh 2019 anuas chomh maith. Chun é sin a dhéanamh:

  1. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin’ sa chárta 'Seirbhísí ÍMAT' ar leathanach baile moChúrsaí.
  2. Roghnaigh an bliain atá uait ón bosca anuas.
  3. Roghnaigh Achoimre Sonraí Fostaíochta.
  4. Cliceáil ar an nasc ‘Amharc’ in aice leis an post nó pinsean atá uait.
  5. Beidh do shonraí párolla don bhliain go dtí seo le feiceáil anseo.

Níl ach do phá agus asbhaintí reachtúla le féachaint anseo. Níl asbhaintí neamhreachtúla san áireamh san eolas a thuairiscíonn d’fhostóir do na Coimisinéirí Ioncaim, amhail suibscríobhanna ceardchumainn nó íocaíochtaí le do chomhar creidmheasa.

Ní mór d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a thabhairt do d’fhostóir nó soláthraí pinsin. Mura ndéanann tú é seo, ní bheidh tú in ann féachaint ar an bhfaisnéis phárolla a thuariscigh d’fhostóir do na Coimisinéirí Ioncaim.