Do shonraí pearsanta a nuashonrú
Do sheoladh a nuashonrú
Féadfaidh tú do sheoladh a nuashonrú ar moChúrsaí ach na treoracha thíos a leanúint:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí
- Roghnaigh 'Mo Phróifíl' agus ansin 'Mo Shonraí' ar na roghanna anuas nó cliceáil ar 'Mo Phróifíl' sa rannán 'Bainistigh Mo Thaifead'.
- Cliceáil ar 'Cuir in Eagar' faoin rannán 'Sonraí Teagmhála'.
- Cuir isteach do sheoladh cothrom le dáta agus roghnaigh 'Sábháil athruithe'.
- Cuir isteach do phasfhocal agus cliceáil ar 'Tíolaic'.
Féadfaidh tú do sheoladh a nuashonrú ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach na treoracha thíos a leanúint:
- Sínigh isteach ar ROS ar an deimhniú digiteach Riarthóra agus téigh chuig an táb 'Próifíl'.
- Scrollaigh síos an leathanach go dtí go bhfeiceann tú 'Seoladh Oifigiúil agus Gnó' agus ansin cliceáil ar 'Nuashonraigh Seoladh Oifigiúil agus Gnó'.
- Osclaíonn an leathanach ar an 'Seoladh Oifigiúil' de réir réamhshocraithe. Más é an seoladh oifigiúil is gá duit a nuashonrú, cuir isteach do sheoladh nua sna réimsí a chuirtear ar fáil.
- Cliceáil ar 'Sábháil' ag bun an scáileáin.
- Más gá duit an seoladh gnó a nuashonrú, cliceáil ar 'Ba mhaith liom mo Sheoladh Gnó a nuashonrú'.
- Ní bhfaighidh tú an rogha do sheoladh gnó a nuashonrú ach amháin má tá sé seo curtha ar bun cheana féin. Mura bhfuil aon seoladh gnó ar do thaifead, déan teagmháil le d'oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó cuir teachtaireacht isteach ar M'Fhiosruithe.
- Cuir isteach do sheoladh nua sna réimsí a chuirtear ar fáil, ansin cliceáil ar 'Sábháil' ag bun an scáileáin.
- Cuir isteach do phasfhocal agus cliceáil ‘Sínigh agus Tíolaic‘.
Ar aghaidh: Do shonraí bainc a nuashonrú