Do shonraí pearsanta a nuashonrú

Do sheoladh ríomhphoist a nuashonrú

Féadtar do sheoladh ríomhphoist a nuashonrú ar moChúrsaí ach na treoracha thíos a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí
  2. Roghnaigh 'Mo Phróifíl' agus ansin 'Mo Shonraí' ar na roghanna anuas nó cliceáil ar 'Mo Phróifíl' sa rannán 'Bainistigh Mo Thaifead'.
  3. Cliceáil ar 'Cuir in Eagar' faoin rannán 'Sonraí Teagmhála'.
  4. Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist cothrom le dáta agus roghnaigh 'Sábháil athruithe'. 
  5. Cuir isteach do phasfhocal agus cliceáil ar 'Tíolaic'.

Féadtar do sheoladh ríomhphoist a nuashonrú ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ach na treoracha thíos a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar ROS ar an 'deimhniú digiteach Riarthóra'.
  2. Nuashonraigh seoladh ríomhphoist an riarthóra ROS ar an táb 'Próifíl'.
  3. Cliceáil ar 'Taispeáin' chun liosta na seoltaí ríomhphoist tánaisteacha a leathnú agus chun a chinntiú go ndéantar iad go léir a nuashonrú.
  4. Cliceáil ar 'Sábháil' ag bun an scáileáin.
  5. Cuir isteach do phasfhocal agus cliceáil ‘Sínigh agus Tíolaic‘. 

Tabhair do d’aire má úsáideann tú ROS agus moChúrsaí araon, féadfaidh sé go mbeidh ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt cothrom le dáta ar an dá chóras. 

Más úsáideoir ROS thú agus má tá iliomad seoltaí ríomhphoist cláraithe agat, féadtar seoladh ríomhphoist tosaíochta a roghnú. Féadtar an seoladh ríomhphoist tosaíochta a shocrú tríd an gcluaisín 'Seirbhísí Riaracháin' sa rannán 'Bainistigh M'Fhiosruithe' de ROS. Tabhair do d’aire nach féidir ach seoladh ríomhphoist amháin a roghnú mar ríomhphost tosaíochta ag an am. Mura bhfuil ach seoladh ríomhphoist amháin cláraithe agat, roghnaítear é go huathoibríoch mar an seoladh ríomhphoist tosaíochta.

Ar aghaidh: Do stádas sibhialta a nuashonrú