Do shonraí pearsanta a nuashonrú
Do shonraí bainc a nuashonrú
Chun sonraí do chuntais bainc a nuashonrú, teastóidh an méid seo a leanas uait:
- ainm agus seoladh na hinstitiúide airgeadais a bhfuil do chuntas á choinneáil ann
- ainm(neacha) an tsealbhóra cuntais
- Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN)
- agus
- Cód Aitheantais Bainc (BIC).
Is féidir leat do IBAN agus BIC a fháil ar do ráiteas cuntais bainc nó ar do sheirbhís baincéireachta ar líne.
Féadann tú do shonraí bainc a nuashonrú ar moChúrsaí ach na treoracha thíos a leanúint:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí
- Roghnaigh 'Mo Phróifíl' agus ansin 'Mo Shonraí' ar na roghanna anuas nó cliceáil ar 'Mo Phróifíl' sa rannán 'Bainistigh Mo Thaifead'.
- Cliceáil ar 'Cuir in Eagar' faoin rannán 'Sonraí bainc'.
- Cuir isteach do shonraí bainc cothrom le dáta agus roghnaigh 'Sábháil athruithe'.
- Cuir isteach do phasfhocal agus cliceáil ar 'Tíolaic'.
Féadtar do shonraí bainc a nuashonrú ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ach na treoracha thíos a leanúint:
- Sínigh isteach ar ROS.
- Ar an leathanach ‘Mo Sheirbhísí Féin’, cliceáil ar Bainistigh Cuntais Bhainc.
- Lean na céimeanna a cuireadh ar fáil chun sonraí do chuntais bainc a nuashonrú.
Déanfaidh sé seo nuashonrú ar shonraí do chuntais bainc le haghaidh Treoir Dochair ROS, Treoir Dochair Dhírigh (seasta agus athraitheach araon) agus aisíocaíochtaí.
Féadtar do shonraí bainc a nuashonrú le haghaidh ceannteidil chánach iomadúla ag an am céanna. Féadtar na sonraí bainc céanna a úsáid freisin chun aisíocaíochtaí a fháil.
Maidir le do cheannteideal cánach Cáin Mhaoine Áitiúla (CMÁ), tríd an gcóras CMÁ ar líne, féadtar an méid seo a leanas a dhéanamh:
- sonraí do chuntais bainc a nuashonrú
- d'íocaíochtaí a bhainistiú
- nó
- do mhodh íocaíochta a athrú.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Do shonraí bainc le haghaidh CMÁ a athrú.
Chun rochtain ar do chuntas ar an gcóras ar líne CMÁ, teastóidh Uimhir Aitheantais Maoine, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) agus UAP uait.
Má tá Socraíocht Tráthíocaíochtaí (PPA) gníomhach agat, ní mór duit na sonraí bainc laistigh den PPA a athrú freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach PPA comhdhlúite agus leasuithe.
Ar aghaidh: Do sheoladh ríomhphoist a nuashonrú