Do shonraí pearsanta a nuashonrú

Do stádas sibhialta a nuashonrú

Féadfaidh tú do stádas sibhialta a nuashonrú ar moChúrsaí ach na treoracha thíos a leanúint: 

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí
  2. Roghnaigh 'Mo Phróifíl' agus ansin 'Mo Shonraí' ón roghchlár anuas. Ansin roghnaigh ‘Cuir in Eagar’ sa rannán 'Sonraí Pearsanta'.
  3. De rogha air sin, is féidir leat cliceáil ar ‘Tabhair do Stádas Sibhialta Cothrom le Dáta’ sa rannán 'Bainistigh Mo Thaifead'.
  4. Roghnaigh do stádas sibhialta nua ón roghchlár anuas, tabhair gach eolas ábhartha de réir mar a iarrtar agus deimhnigh an bonn measúnaithe is fearr leat. 
  5. Cliceáil ar ‘Ar aghaidh’.
  6. Cuir isteach do phasfhocal agus cliceáil ar 'Tíolaic' chun an próiseas a chur i gcrích. 

Ní mór do do chéile nó do pháirtnéir sibhialta a bheith cláraithe le haghaidh moChúrsaí freisin chun an t-iarratas ar nuashonrú stádais shibhialta a dheimhniú.  

Féadfaidh sé go n-iarrfar ort doiciméid tacaíochta a uaslódáil nuair a iarrann tú do stádas a nuashonrú.