Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2013 go 2021
An Muirear Teaghlaigh (MT)
Ba mhuirear bliantúil é an Muirear Teaghlach (MT) a tugadh isteach leis an Acht Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh), 2011. Bhí an muirear iníoctha ag úinéirí maoin cónaithe.
Bhí an MT iníoctha do d’údarás áitiúil. Bhí an muirear á riar ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRA).
Ón 1 Iúil 2013, méadaíodh aon dliteanas amuigh MT go €200 agus bhí sé iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim. Folaíonn sé seo pionóis dhéanacha. I mí Iúil 2013, tiontaíodh riaráistí MT go Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ). Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim na riaráistí MT ar an gcaoi chéanna leis an CMÁ.
Íocadh MT le d’údarás áitiúil
Má d’íoc tú do MT le d’údarás áitiúil, ba chóir admháil a bheith agus a bheith coinnithe agat. Féadfaidh sé go léireofaí ar taifead na gCoimsinéirí Ioncaim go bhfuil an MT amuigh. Más ea, ba chóir duit admháil na híocaíochta a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim nó an muirear a íoc ar líne. Féadfaidh sé go bhfuil an admháil caillte agat. Más ea, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Tacaíochta MT. Féadtar é seo a dhéanamh ach ríomhphost a chur chuig: support@householdcharge.ie agus cóip de d’admháil a iarraidh.
Díolúine ón MT
Má cháiligh tú don díolúine, ba chóir Deimhniú Díolúine a bheith agat arna eisiúint ag an GBRA. Más mian leat anois díolúine a iarraidh ón MT, ba chóir duit ar dtús éileamh i scríbhinn a chur faoi bhráid an GBRA. Seol d’iarratas thar an ríomhphost chuig support@householdcharge.ie.
Tarscaoileadh ón MT mar gheall ar an bhForlíonadh Úis Morgáiste a fháil
Féadfaidh sé go raibh tú i dteideal tarscaoileadh MT a fháil. Más ea, ba chóir Deimhniú Tarscaoilte a bheith agat ón GPRA. Má tá do dheimhniú caillte agat, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le support@householdcharge.ie. Ní thugann an tarscaoileadh seo an teidlíocht duit do tharscaoileadh ón CMÁ.
Déan íocaíocht le haghaidh riaráistí Muirir Teaghlaigh
Féadtar do riaráistí MT a íoc trí CMÁ ar líne, moChúrsaí agus Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Chun íoc trí CMÁ ar líne, lean na céimeanna seo:
- Cuir isteach d’uimhir PSP, UA Maoine agus UAP Maoine agus cliceáil ar ‘Logáil isteach’.
- Ar an scáileán baile, roghnaigh 'Déan athbhreithniú ar na blianta 2012-2021'. Ansin, roghnaigh ‘riaráistí Muirir Teaghlaigh’ ón roghchlár anuas ‘Déan athbhreithniú ar bhliain eile’.
- Cliceáil ar ‘Socraigh Modh Íocaíochta’.
- Cuir isteach na sonraí uile íocaíochta agus cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’.
- Déan athbhreithniú ar na sonraí atá le tíolacadh agus cliceáil ar ‘Tíolaic Sonraí’.
Chun íoc trí moChúrsaí, lean na céimeanna seo:
- Ar an gcárta ‘Seirbhísí Maoine’, cliceáil ar ‘Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)’.
- Ar an scáileán baile, roghnaigh 'Déan athbhreithniú ar na blianta 2012-2021'. Ansin, roghnaigh ‘riaráistí Muirir Teaghlaigh’ ón roghchlár anuas ‘Déan athbhreithniú ar bhliain eile’.
- Cliceáil ar ‘Socraigh Modh Íocaíochta’.
- Cuir isteach na sonraí uile íocaíochta agus cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’.
- Déan athbhreithniú ar na sonraí atá le tíolacadh agus cliceáil ar ‘Tíolaic Sonraí’.
Tabhair do d’aire
I gcás maoine le húinéirí iomadúla, ní fhéadann ach an duine dliteanach ainmnithe rochtain a fháil ar an tseirbhís trí moChúrsaí.
Chun íoc trí ROS, lean na céimeanna seo:
- Faoin gcárta ‘Cáin Mhaoine Áitiúil’, cliceáil ar an gcnaipe ‘Féach Liosta na Maoin’.
- Cliceáil ar ‘UA Maoine’.
- Ar an scáileán baile, roghnaigh 'Déan athbhreithniú ar na blianta 2012-2021'. Ansin, roghnaigh ‘riaráistí Muirir Teaghlaigh’ ón roghchlár anuas ‘Déan athbhreithniú ar bhliain eile’.
- Cliceáil ar ‘Socraigh Modh Íocaíochta’.
- Cuir isteach na sonraí uile íocaíochta agus cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’.
- Déan athbhreithniú ar na sonraí atá le tíolacadh agus cliceáil ar ‘Tíolaic Sonraí’.
Ar aghaidh: Do mhaoin a luacháil amhail an 1 Bealtaine 2013