Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2013 go 2021

Maoine atá faoi dhliteanas CMÁ ó 2013 go 2021

Cuireadh tús leis an gcéad tréimhse luachála do Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) ar an 1 Iúil 2013 agus tháinig deireadh leis ar an 31 Nollaig 2021. Bhí do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ má bhí sí ina maoin chónaithe ar an dáta luachála an 1 Bealtaine 2013. Mura raibh do mhaoin ina maoin chónaithe ar an 1 Bealtaine 2013, ní raibh sé faoi dhliteanas CMÁ do 2013 go dtí 2021.

Más maoin chónaithe a bhí i do mhaoin ar 1 Samhain 2021, tá sé faoi dhliteanas CMÁ feasta. 

Sampla

Cheannaigh Máire teach nua-tógtha in Eanáir 2017. Bhog sí isteach chuig an teach céanna in Márta 2017.

Mar gheall nár maoin chónaithe a bhí i dteach Mháire ar 1 Márta 2013, ní raibh sé faoi dhliteanas CMÁ ó 2013-2021. Bhí teach nua Mháire ina mhaoin chónaithe faoin 1 Samhain 2021, agus bhí sé faoi dhliteanas CMÁ ó 2022 ar aghaidh dá bharr.

Ar aghaidh: An Muirear Teaghlaigh (MT)