Asbhaint i leith caiteachais iarfheistithe

An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh

Féadtar an faoiseamh a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Más cáiníocóir féinmheasúnaithe thú, féadtar an faoiseamh a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Más cáiníocóir Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, féadtar an faoiseamh a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT i moChúrsaí.

Ní fhéadtar asbhaint a éileamh i leith caiteachas iarfheistithe i gcoinne ioncam cíosa don bhliain a dhéantar na hoibreacha iarfheistithe. Éilíonn tú an asbhaint i leith caiteachas iarfheistithe i gcoinne d'ioncaim chíosa sa bhliain ina dhiaidh sin. Mar shampla, féadtar éileamh a dhéanamh ar oibreacha iarfheistithe a rinneadh in 2023 mar asbhaint i gcoinne ioncam cíosa le haghaidh 2024

Ar aghaidh: Aisghlámadh an fhaoisimh