Asbhaint i leith caiteachais iarfheistithe

Léargas ginearálta

Tá faoiseamh nua ar fáil do thiarnaí talún d’áitribh chónaithe ar cíos. Ligeann an faoiseamh duit costais áirithe a tabhaíodh ar iarfheistiú áitribh den sórt sin a asbhaint agus do bhrabúis chíosa á ríomh. Níl an asbhaint ar fáil ach amháin má fuair tú deontas iarfheistithe atá ceadaithe ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).

Ní mór duit na hoibreacha iarfheistithe a dhéanamh idir 1 Eanáir 2023 agus 31 Nollaig 2025.

Tá an faoiseamh ar fáil le haghaidh dhá áitreabh ar a mhéad.

Ar aghaidh: Cé a fhéadann éileamh a dhéanamh?