Asbhaint i leith caiteachais iarfheistithe

Cé a fhéadann éileamh a dhéanamh?

Ní fhéadtar an asbhaint a éileamh ach amháin sa chás go ndearna tú oibreacha iarfheistithe ar 'áitreabh cáilitheach'. Is éard is áitreabh cáilitheach ann ná:

  • áitreabh atá suite sa Stát
  • áitreabh atá faoi d’úinéireacht
  • áitreabh a leantar de bheith ligthe le tionónta cónaithe le linn na tréimhse ina ndéantar na hoibreacha cáilitheacha
  • agus
  • áitreabh atá á áitiú ag tionónta:
    • Sa chás go bhfuil an tionóntacht cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC)
    • sa chás gur maoin rialaithe cíosa roimhe seo í an tionóntacht atá díolmhaithe ón riachtanas chun clárú leis an RTB.

Níl an asbhaint ar fáil ach amháin má:

  • fuair tú deontas iarfheistithe atá ceadaithe ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)
  • chomhlíon tú do dhualgais Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) i leith an áitribh
  • agus
  • tá Deimhniú Imréitigh Cánach bailí agat.

Ar aghaidh: Cé mhéad faoisimh a fhéadtar a éileamh?