Asbhaint i leith caiteachais iarfheistithe

Cé mhéad faoisimh a fhéadtar a éileamh?

Is í an asbhaint a fhéadtar a éileamh ná an méid is lú de €10,000 nó an méid a thabhaítear ar na hoibreacha iarfheistithe. Tá an faoiseamh ar fáil le haghaidh dhá áitreabh ar a mhéad.

Sampla

Déanann tú áitreabh ar cíos a iarfheistiú agus is é €20,000 an costas iomlán. Faigheann tú deontas €13,000 ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Is é €7,000 an tsuim a fhéadtar a éileamh.

 Má tá áitreabh cónaithe ar cíos faoi úinéireacht chomhpháirteach agat, féadtar faoiseamh a éileamh. Tá an faoiseamh atá ar fáil bunaithe ar an gcuid den chíos a fhaigheann tú. Mar shampla, má fhaigheann tú 50% den chíos, féadtar 50% den fhaoiseamh a éileamh. Déanann tú éileamh ar na costais iarfheistithe a tabhaíodh sa bhliain roimhe sin seachas sa bhliain reatha.

Feidhmíonn an asbhaint i leith caiteachas iarfheistithe ar an mbealach céanna le hasbhaintí eile ioncaim chíosa. Laghdaíonn sé an t-ollmhéid ioncaim cíosa a fhaightear agus atá inmhuirir i leith Cánach Ioncaim. Tugann an asbhaint faoiseamh in aghaidh an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Ar aghaidh: An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh