Cáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT)

  1. Léargas ginearálta
  2. Tiarnaí talún neamhchónaitheacha
  3. Gníomhairí bailiúcháin
  4. Tionóntaí
  5. Socraíochtaí tíolactha 2023 do thiarnaí talún neamhchónaitheacha agus do ghníomhairí bailiúcháin

Socraíochtaí tíolactha 2023 do thiarnaí talún neamhchónaitheacha agus do ghníomhairí bailiúcháin

Bíonn tionchar ag an gCáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT) ar do chuid oibleagáidí Íoca agus Tíolactha mar thiarna talún neamhchónaitheach a úsáideann gníomhairí bailiúcháin. Roimh an gcóras NLWT, bhí do ghníomhaire bailiúcháin inmhuirir d’ioncam cíosa.

Má bhí gníomhaire bailiúcháin ceaptha agat roimh an 1 Iúil 2023, tá siad mar an duine inmhuirir. Ní mór do do ghníomhaire bailiúcháin Foirm 11 a thíolacadh don ioncam cíosa a fuarthas idir 1 Eanáir 2023 agus 30 Meitheamh 2023.

Ón 1 Iúil 2023, is tusa, mar thiarna talún neamhchónaitheach, an duine inmhuirir. Ní mór duit Foirm 11 a thíolacadh don ioncam cíosa a fuarthas ón 1 Iúil 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim an dualgas a bhaineann le dhá thuairisceán a thíolacadh agus ligfidh siad do thiarnaí talún neamhchónaitheacha Foirm 11 amháin a thíolacadh don tréimhse tíolactha 2023.

Céard is gá duit a dhéanamh i leith 2023

Más tiarna talún neamhchónaitheach thú, ba chóir duit tuairisceán cánach aonair a thíolacadh (Foirm 11). Ní mór go n-áireofaí i do thuairisceán:

  • sonraí na gcíosanna uile (lena n-áirítear ioncam cíosa, costais, liúntais chaipitiúla, srl) a fuarthas ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023
  • agus
  • ní mór duit í a thíolacadh faoi d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) nó d’Uimhir Thagartha Cánach.

Má ghlactar na céimeanna thuas, ní gá do do ghníomhaire bailiúcháin tuairisceán a thíolacadh.

Mura nglactar na céimeanna thuas, ní mór do do ghníomhaire bailiúcháin na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas trí M'Fhiosruithe más rud é:

  • go bhfuil sé i gceist acu tuairisceán a thíolacadh don chéad leath de 2023
  • agus
  • go bhfuil sé i gceist agat tuairisceán a thíolacadh don dara leath de 2023.

Réamhcháin 2023

Má tá do réamhcháin do 2023 íoctha agat cheana féin faoi uimhir cheaptha an bhailitheora, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim trí M'Fhiosruithe. Ní mór duit uimhir cheaptha do bhailitheora a chur ar fáil, más rud é:

  • go bhféadtar an cháin a aistriú go dtí do thaifead UPSP
  • agus
  • go bhféadtar é a fhritháireamh in aghaidh do dhliteanas cánach 2023.

Gheobhaidh tú creidmheas freisin i leith NLWT a d'asbhain do thionónta nó do ghníomhaire bailiúcháin le linn 2023.