Cáin Shiarchoinneálach ar Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT)

Léargas ginearálta

Tháinig an córas Cánach Shiarchoinneálach do Thiarnaí Talún Neamhchónaitheacha (NLWT) i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2023. Ón dáta sin i leith, ní mór do thionóntaí a íocann cíos go díreach le tiarnaí talún neamhchónaitheacha:

  • 20% den íocaíocht cíosa a asbhaint
  • agus
  • an íocaíocht sin a aisíoc leis na Coimisinéirí Ioncaim tríd an gcóras NLWT.

Féadfaidh gníomhairí bailiúcháin do thiarnaí talún neamhchónaitheacha roghnú an córas NLWT a úsáid.

Éilíonn an córas NLWT fógraí cíosa (RNanna) a chur isteach nuair a íoctar cíos le tiarnaí talún neamhchónaitheacha. Tá an tsuim choinnithe siar seo ar fáil don tiarna talún neamhchónaitheach mar chreidmheas nuair a chuireann siad a dtuairisceán bliantúil isteach. I gcás daoine aonair, is Foirm 11 atá sa tuairisceán agus, i gcás cuideachtaí, is Foirm CT1 atá sa tuairisceán.

Féadtar teacht ar an gcóras NLWT trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus moChúrsaí.

Tabhair do d’aire

Tá gníomhairí bailiúcháin a roghnaíonn gan an córas NLWT a oibriú fós inmhuirir agus inmheasúnaithe ar chíosanna a íoctar le tiarna talún neamhchónaitheach.

Ar aghaidh: Tiarnaí talún neamhchónaitheacha