Céard is gá a dhéanamh

Céim 5: Tíolaic do Thuairisceán CTF

Má bhaineann an Cháin ar Thithe Folmha (CTF) le do mhaoin, ní mór duit Tuairisceán CTF a thíolacadh faoin 7 Samhain, tar éis dheireadh na tréimhse inmhuirir. Is é an tréimhse inmhuirir don CTF gach bliain ná 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair an bhliain dár gcionn.

Tabhair do d’aire

Ba é an chéad tréimhse inmhuirir le haghaidh CTF ná an 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

Ba é an dara tréimhse inmhuirir ná an 1 Samhain 2023 go dtí an an 31 Deireadh Fómhair 2024.

Is é an tríú tréimhse inmhuirir ná an 1 Samhain 2024 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025.

Má bhaineann CTF le do mhaoin don chéad tréimhse inmhuirir, ba chóir go mbeadh do Thuairisceán CTF tíolactha agat do na Coimisinéirí Ioncaim faoin 7 Samhain 2023.

Má bhí feidhm le CTF ar do mhaoin don dara tréimhse inmhuirir, ba chóir gur thíolaic tú do Thuairisceán CTF chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoin 7 Samhain 2024. Mura bhfuil sé déanta agat cheana féin, ba chóir duit é a dhéanamh láithreach.

Cén chaoi le do Thuairisceán CTF a thíolacadh

Ní mór duit do Thuairisceán CTF a thíolacadh ar líne tríd an tairseach CTF. Beidh tú in ann rochtain ar an tairseach CTF trí logáil isteach ar:

  • moChúrsaí
  • an tSeirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • an tairseach Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

Tar éis duit rochtain ar an Tairseach CTF, roghnaigh an cnaipe ‘Cliceáil anseo chun tús a chur leis an bpróiseas 3 chéim chun do thuairisceán a thíolacadh’. Beidh tú in ann ansin na céimeanna thíos a leanúint chun do thuairisceán a thíolacadh.

Déan athbhreithniú ar do chuid sonraí

Sa chéim seo, beidh ort stádas do mhaoine a dheimhniú. Más úinéir thú a bhfuil níos mó ná maoin amháin agat, beidh ort stádas gach maoine a dheimhniú. Beidh sé de rogha agat a dheimhniú an raibh an mhaoin:

  • folamh
  • áitithe
  • gur athraigh úinéireacht na maoine taobh istigh den tréimhse inmhuirir.

Do thuairisceán CTF a thíolacadh

Má dhearbhaíonn tú go raibh do mhaoin folamh, ní mór duit dul ar aghaidh agus Tuairisceán CTF a thíolacadh. Ar an tuairisceán seo, féadtar a dheimhniú an gcáilíonn do mhaoin le haghaidh díolúine.

Féadfaidh tú a dheimhniú an gcáilíonn do mhaoin le haghaidh díolúine. Mura mbaineann aon díolúintí le do mhaoin, ba chóir duit an rogha 'Ní bhaineann le hábhar' a roghnú. Má tá roinnt maoine agat, beidh tú in ann an díolúine riachtanach a roghnú do gach maoin ina n-aonar. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le díolúintí, féach ar an rannán Díolúintí CTF. Léireofaí scáileán achomair ansin ina bhféadtar an méid seo a leanas a dheimhniú:

  • sonraí faoi do thuairisceán
  • iomlán na cánach iníoctha
  • agus
  • an modh íocaíochta is rogha leat.

Déan íocaíocht

Nuair a thíolacann tú do Thuairisceán CTF, iarrfar ort do chineál íocaíochta a dheimhniú. Féadfaidh tú cibé acu seo a leanas a roghnú:

  • d’íocaíochtaí a roinnt thar an mbliain ina dhiaidh trí dhochar díreach
  • íoc go hiomlán trí Threoir Dochair Bhliantúil (TDB)
  • íoc go hiomlán trí chárta creidmheasa nó dochair.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Céim 6.

Doiciméid Tacaíochta

Nuair atá do thuairisceán á thíolacadh agat ar líne, is féidir go n-iarrfar ort doiciméid tacaíochta a chur ar fáil. Má éilíonn tú díolúine ó CTF, iarrfar ort doiciméid a chur ar fáil chun tacú le d'éileamh. Iarrfar ort freisin doiciméid tacaíochta a chur ar fáil má dhearbhaíonn tú go raibh do mhaoin áitithe le linn na tréimhse inmhuirir. 

Féadtar an cháipéisíocht seo a thíolacadh tríd an Tairseach CTF. Tabhair faoi deara gur féidir trí chomhad ar a mhéad in aghaidh na maoine a thíolacadh tríd an tairseach. Ní féidir le comhaid a bheith níos mó ná 2MB.

De rogha air sin, féadtar doiciméid tacaíochta a sheoladh chuig:

SAORPHOST

Brainse CMÁ agus CTF

Bosca PO 1

Luimneach. 

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar oibleagáidí maidir le taifid a choinneál agus reachtaíocht.

Maoine faoi úinéireacht ag níos mó ná duine amháin

Amhail an CMÁ, tá Tuairisceán CTF amháin le tíolacadh ag an duine inmhuirir ainmnithe le haghaidh maoine faoi chomhúinéireacht. Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach comhfhreagras CTF don mhaoin don duine dliteanach ainmnithe. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cé hé/hí an duine inmhuirir?

Ar aghaidh: Céim 6: Deimhnigh do shocraíocht íocaíochta