Díolúintí Cánach ar Thithe Folmha (CTF)

Léargas ginearálta

I gcúinsí áirithe, d'fhéadfadh díolúine ón gCáin ar Thithe Folmha (CTF) a bheith ar fáil. Tá coinníollacha cáilithe sonracha ag baint le gach díolúine.

Féadtar díolúine ó CTF a éileamh mar chuid de do Thuairisceán CTF. Ní mór duit díolúine a éileamh i leith gach tréimhse inmhuirir infheidhme.

Sula n-éilíonn tú díolúine, ba chóir duit a sheiceáil an mbaineann CTF le do mhaoin. Ní bhaineann CTF le do mhaoin más rud é:

  • gur díoladh í sa tréimhse inmhuirir
  • go bhfuil sí faoi réir tionóntacht cháilitheach
  • go bhfuil sí díolmhaithe ó CMÁ don bhliain ina gcríochnaíonn an tréimhse inmhuirir.

Má tá feidhm le haon cheann de na heisiaimh thuasluaite, ní gá duit tuairisceán CTF a thíolacadh ná díolúine a éileamh don tréimhse inmhuirir.

Cáipéisí tacaíochta

Má éilíonn tú díolúine ó CTF, iarrtar ort doiciméid a choinneáil mar thaca le d'éileamh. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar oibleagáidí maidir le taifid a choinneáil agus reachtaíocht.

Ar aghaidh: Maoine sa chás go bhfuil an t-úinéir tar éis bás a fháil