Tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh

Dátaí íocaíochta agus tíolactha

Ní mór don duine inmhuirir tuairisceán a thíolacadh agus an tobhach a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 23 lá ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas sa Tuairisceán don Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC):

  • Luach Margaidh Oscailte na dtáirgí coincréite faoi dhliteanas arna soláthar i dtréimhse chuntasaíochta
  • agus
  • méid an tobhaigh atá dlite.

Ní mór don duine inmhuirir Tuairisceán TTLC a thíolacadh le haghaidh gach tréimhse chuntasaíochta.

Tabhair do d’aire

Ní mór don duine inmhuirir tuairisceán a thíolacadh fiú mura dtagann aon dliteanas TTLC chun cinn le linn tréimhse cuntasaíochta. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Cén uair a thagann an chéad soláthar chun cinn.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ndéantar tuairisceán TTLC a thíolacadh