Tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh

Léargas ginearálta

Más tusa an duine inmhuirir don Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC), ní mór duit:

  • tuairisceáin a thíolacadh go leictreonach trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó trí moChúrsaí
  • agus
  • agus aon tobhach a thagann chun cinn i dtréimhse chuntasaíochta a íoc.

Is tréimhsí sé mhí (dé-bhliantúil) iad na tréimhsí cuntasaíochta, seachas an chéad tréimhse chuntasaíochta, chun críocha an TTLC.

Tabhair do d’aire

Is í an chéad tréimhse chuntasaíochta don tobhach ná ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Is tréimhsí sé mhí (dé-bhliantúil) iad tréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin, mar shampla:

  • 1 Eanáir 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2024
  • agus
  • 1 Iúil 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024.

Ní mór don duine inmhuirir tuairisceán a thíolacadh agus an tobhach a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 23 lá ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

Tabhair do d’aire

Ní mór do dhuine inmhuirir tuairisceán a thíolacadh fiú mura bhfuil aon dliteanas TTLC ag teacht chun cinn le linn tréimhse cuntasaíochta ar leith.

Ar aghaidh: Tréimhsí Cuntasaíochta