Tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh

Cén chaoi a ndéantar tuairisceán TTLC a thíolacadh

Má tá tú cláraithe don TTLC, ní mór duit tuairisceán TTLC a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)moChúrsaí.

Tíolacthaí d'úsáideoirí ROS

Más úsáideoir ROS thú, féadtar tuairisceán a thíolacadh ar ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Oscail an scáileán “Mo Sheirbhísí Féin”.
  3. Cliceáil ar "Comhlánaigh Foirm ar Líne".
  4. Roghnaigh an chatagóir 'TTLC'.
  5. Lean na leideanna chun an tuairisceán a chomhlánú.

Tíolacthaí d'úsáideoirí moChúrsaí

Más úsáideoir moChúrsaí thú, féadtar tuairisceán a thíolacadh tríd an bhFoirm TTLC1 a chomhlánú. Ba chóir duit an fhoirm seo a chomhlánú agus a shíniú agus í a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe a úsáid, rud atá ar fáil tríd MoChúrsaí.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le tuairisceáin TTLC a thíolacadh, féach Tax and Duty Manual Part 18E-00-01.

Ar aghaidh: Roghanna íocaíochta