Faoiseamh i leith infheistíochta i bhfiontair nuálacha
Deimhnithe Cháilíochta
Sa chás go bhfuil cuideachta sásta go gcomhlíonann sí na coinníollacha, féadtar iarratas a dhéanamh ar Dheimhnithe Cháilíochta. Déantar an t-iarratas trí úsáid a bhaint as RIIE Form 1 agus ba chóir na doiciméid tacaíochta ábhartha go léir a bheith in éineacht leis.
Nuair a dhéantar iarratas ar Dheimhnithe Cháilíochta a mheas, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle le Fiontraíocht Éireann.
Deimhniú Gnóthais Leantaigh
Deimhníonn an deimhniú seo gur Fiontar Beag, Meánach nó Micreaghnóthas (SME) é an grúpa faoisimh agus nach gnóthas é atá i gcruachás.
Sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Deimhniú Gnóthais Leantaigh. Sa chás nach gcomhlíontar na coinníollacha, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh, agus tabharfaidh siad na cúiseanna nár eisíodh an deimhniú. Féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra.
Féadfaidh cuideachta iarratas a dhéanamh chun Deimhniú Gnóthais Leantaigh a athnuachan ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sí riachtanais na scéime.
D'fhéadfadh Deimhniú Gnóthais Leantaigh a bheith bailí ar dtús go dtí go mbeidh ball den ghrúpa faoisimh trí bliana d'aois. Ina dhiaidh sin, beidh bailíocht an deimhnithe ag brath ar fhachtóirí áirithe. Rachaidh Deimhniú Gnóthais Leantaigh in éag an lá a rachaidh an Deimhniú Nuálaíochta Tráchtála in éag.
Deimhniú Nuálaíochta Tráchtála
Deimhníonn an deimhniú seo gur fiontar nuálach atá sa chuideachta agus go bhfuil plean gnó inmharthana aici.
Sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Deimhniú Nuálaíochta Tráchtála. Sa chás nach gcomhlíontar na coinníollacha, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh, ag míniú an chúis gur diúltaíodh deimhniú a eisiúint. Féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra.
Féadfaidh Deimhniú Nuálaíochta Tráchtála a bheith bailí go dtí go bhfuil ball den ghrúpa faoisimh bunaithe ar feadh seacht mbliana.
Clár na nDeimhnithe Cháilíochta
Coinníonn na Coimisinéirí Ioncaim clár Deimhnithe Cháilíochta atá ar fáil go poiblí ina dtugtar achoimre ar na nithe seo a leanas:
- an cineál deimhnithe
- ainm, seoladh agus uimhir na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (CRO) don chuideachta
- dáta eisiúna an deimhnithe
- tréimhse bhailíochta an deimhnithe
- uimhir aitheantais sheicheamhach uathúil an deimhnithe
- agus
- nuair is cuí, dáta tarraingthe siar an deimhnithe.
Ba chóir d'infheisteoirí a chinntiú go bhfuil na Deimhnithe Cháilíochta a sholáthraíonn na cuideachtaí bailí ar dháta na hinfheistíochta. Féach Clár na nDeimhnithe Cáilíochta chun tuilleadh sonraí a fháil.
Ar aghaidh: Oibleagáidí na cuideachta