Faoiseamh i leith infheistíochta i bhfiontair nuálacha

Riachtanais tíolactha

Ní mór do chuideachta a chruinníonn infheistíocht faoin scéim seo faisnéis áirithe a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear sonraí faoi na hinfheistíochtaí a rinneadh agus na scaireanna a eisíodh. Folaíonn an fhaisnéis iarrtha:

  • ainm na cuideachta a d'eisigh na scaireanna
  • an tsuim a cruinníodh trí na scaireanna a eisíodh
  • agus
  • ainmneacha na n-infheisteoirí ar eisíodh na scaireanna chucu.

Ní mór don chuideachta Tuairisceán FITC agus Tuairisceán Faoisimh d'Infheisteoirí a thíolacadh chun an fhaisnéis sin a sholáthar.

Ar aghaidh: Tairbhithe a fhoilsiú