Faoiseamh i leith infheistíochta i bhfiontair nuálacha
Oibleagáidí na cuideachta
Má scoireann cuideachta a bhfuil Deimhnithe Cháilíochta aici de riachtanais na scéime a chomhlíonadh, ní mór di:
- Deimhnithe Cháilíochta a chur ar ais chuig na Coimisinéirí Ioncaim
- agus
- cóipeanna de Dheimhnithe Cháilíochta a sholáthar d'aon infheisteoir.
Nuair a chuireann cuideachta deimhnithe ar ais, tarraingeoidh na Coimisinéirí Ioncaim siar iad. Scoirfidh na deimhnithe de bheith bailí ó dháta na tarraingthe siar. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an clár a nuashonrú dá réir.
Ní mór athruithe a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an chuideachta riachtanais na scéime.
Má loictear na riachtanais seo a chomhlíonadh, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí an faoiseamh féideartha a aisghlámadh ón gcuideachta. Féadfaidh an chuideachta a bheith faoi dhliteanas pionós.
Ar aghaidh: Riachtanais tíolactha