Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann

Feithicil a ceannaíodh sa Bhreatain Mhór a chlárú

Tá feithiclí a cheannaítear sa Bhreatain Mhór, agus a thugtar isteach sa Stát, faoi réir gnásanna iompórtála. Áirítear leis seo an gá atá le Dearbhú Custam, Dleachtanna Custam a íoc (más cuí) agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc ag tráth na hiompórtála. Is riachtanais breise iad seo i dteannta an riachtanas go bhfuil an fheithicil a chlárú le haghaidh Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF).

Céimeanna riachtanacha sula gcláraítear feithicil

Má iompórtálann tú feithicil ón mBreatain Mhór, díreach isteach sa Stát, nó sa chás go n-iompraítear an fheithicil trí Thuaisceart Éireann (TÉ), ní mór duit:

  • Dearbhú Custam a chomhlánú
  • Dleacht Chustaim a íoc (más cuí)
  • agus
  • an CBL ar luach iompórtála na feithicle a íoc.

Ní mór é seo a dhéanamh roimh a chláraítear an fheithicil. Ní bheidh sé indéanta an fheithicil a chlárú sa Stát gan an Dearbhú Custam riachtanach a chomhlánú. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Dearbhú Custam a thíolacadh, féach Earraí a thabhairt isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór.

Tabhair do d’aire

De bharr rialacha maidir le Tionscnamh agus an Fhaoiseamh ar Earraí Aisdúichithe, tá cúinsí áirithe ann nach mbíonn feidhm le Dleachtanna Custam.

Céimeanna riachtanacha le linn clárúcháin

Agus tú ag cur feithicil i láthair ag ionad na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC) chun í chlárú, beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil freisin:

  • an doiciméad clárúcháin eachtrach (an V5C ón Ríocht Aontaithe)
  • cóip den Dearbhú Custam
  • agus
  • aon doiciméid tacaíochta eile.

Ní mór do na doiciméid seo an fheithicil shonrach atá le clárú, a shainaithint go soiléir, agus ní mór an Máistir-Uimhir Thagartha (MUT) a bheith san áireamh ar an Dearbhú Custam.

Tabhair do d’aire

Sa chás go dteastaíonn Dearbhú Custam i ndáil le feithicil atá tugtha isteach sa Stát, beidh an fheithicil faoi dhliteanas urghabhála más rud é nach gcomhlánaítear an Dearbhú Custam, nó nach gcláraítear an fheithicil taobh istigh de 30 lá ón uair a thagann sé isteach sa Stát.

Ar aghaidh: Feithiclí ó Thuaisceart Éireann (TÉ) a chlárú