Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann

Léargas ginearálta

Is ón Ríocht Aontaithe a fhaightear formhór na bhfeithiclí athláimhe a iompórtáiltear chun an Stáit as tíortha thar lear. Tá an rannán seo ann chun a chinntiú go bhfuil custaiméirí ar aon eolas faoi na himpleachtaí atá i gceist le próiseas cláraithe feithiclí na Breataine Móire agus iad mar thríú tír chun críocha Custam.

Má iompórtálann tú feithicil athláimhe ón mBreatain Mhór, nó trí Thuaisceart Éireann, ba chóir duit costais bhreise a chur san áireamh mar gheall ar Cháin Bhreisluacha (CBL) ag tráth na hiompórtála. Féadfaidh sé go mbeidh ort Dleacht Chustam a chur san áireamh chomh maith. Féadfaidh sé go n-áireofaí leis seo feithicil a cheannaigh tú i dTuaisceart Éireann ach a bhí in úsáid nó a bhí cláraithe cheana sa Bhreatain Mhór.

Ní mór mótarfheithiclí sa Stát a chlárú laistigh de 30 lá ón dáta iontrála. Cláraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC) feithiclí thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tá sonraí ar na riachtanais shonracha leagtha amach sna leathanaigh sa rannán seo.

Ar aghaidh: Feithiclí nua