Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann

Feithiclí ó Thuaisceart Éireann (TÉ) a chlárú

Feithiclí a bhí in úsáid i dTuaisceart Éireann roimhe seo

Féadtar feithicil a bhí in úsáid roimhe seo i dTuaisceart Éireann a chlárú le haghaidh Cáin Cláraithe Feithiclí (CCFT) sa Stát, gan dliteanas i leith dleachtanna Custam breise agus gan dliteanas iompórtála na Cánach Breisluacha (CBL). Beidh gá le cruthúnas a thaispeánann go raibh an fheithicil faoi úinéireacht phríobháideach ar feadh tréimhse réasúnta ama.

Maidir leis an gcruthúnas a léiríonn go raibh an fheithicil in úsáid roimhe seo i dTÉ sular ceannaíodh í, ba chóir go n-áirítear:

  • cóip den V5C a léiríonn an coimeádaí cláraithe is déanaí i dTuaisceart Éireann agus dáta clárúcháin an choimeádaí sin
  • stair tástála Ministry of Transport (MOT) i dTÉ.

Feithiclí nach raibh in úsáid i dTÉ roimhe seo

Beidh cruthúnas ag teastáil i leith feithiclí a ceannaíodh ó dhíoltóirí TÉ nach raibh in úsáid  i dTuaisceart Éireann roimhe seo (mar shampla, feithiclí a bhí in úsáid sa Bhreatain Mhór (GB) sular cheannaigh déileálaí de chuid TÉ iad) a léiríonn gur iompórtáladh an fheithicil go TÉ de réir riachtanais Chreat Windsor. Ní mór cóip den Dearbhú Custam a taisceadh i dTÉ a chur ar fáil, ina sainaithnítear go soiléir an fheithicil atá á clárú.

Tabhair do d’aire

Sula gceannaíonn tú feithicil i dTÉ, cinntigh le do thoil go bhfuil sciar de na cruthúnais, nó na cruthúnais uile atá liostaithe thuas agat. Tabhair do d’aire, ach go háirithe an riachtanas nach mór an fheithicil shonrach a shainaithint. Gan na cruthúnais seo, ní bheidh tú in ann an fheithicil a chlárú in Éirinn.