Céard is gá a dhéanamh

Seiceáil do spriocdhátaí tíolactha agus íocaíochta

Ní mór don Duine Dliteanach ar an 1 Feabhra 2025 tuairisceán Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC) a thíolacadh ar nó roimh an 23 Bealtaine 2025.

Is cáin fhéinmheasúnaithe í CTCC, agus féadfaidh ús, pionóis agus formhuirir a bheith i bhfeidhm mura gcomhlíonann tú do chuid oibleagáidí.

Ní gá duit ach tuairisceán amháin a thíolacadh do gach láithreán ábhartha. Má tá níos mó ná úinéir amháin i gceist le láithreán ábhartha, tá an Duine Ainmnithe faoi dhliteanas freagrach as an tuairisceán a thíolacadh thar ceann na n-úinéirí go léir.

Luachálacha

Má tá do thalamh san áireamh laistigh den mhuirear ar CTCC, teastaíonn luacháil ar na tailte. Ós rud é gur cáin fhéinmheasúnaithe í CTCC, mar úinéir, tá tú freagrach as na tailte a luacháil go cruinn. Féadtar luachálaí gairmiúil a fhostú le haghaidh luacháil den chineál sin, ach ní riachtanas é.

De ghnáth,  úsáidtear luach na maoine amhail an 1 Feabhra 2025 do na trí bliana ina dhiaidh sin, faoi réir aon iarchur nó laghdú a d'fhéadfadh a bheith i bhfeidhm. Tar éis trí bliana, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar do luacháil. Déantar an cháin a ríomh ag 3% de luach margaidh an láithreáin ábhartha.

Ní mór duit doiciméid agus taifid maidir le do luacháil a choinneáil.

Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann tú d’oibleagáidí?

Má loictear dualgais CTCC a chomhlíonadh, d'fhéadfadh sé go gcoinneoidh na Coimisinéirí Ioncaim siar do dheimhniú imréitigh cánach.

Fabhróidh ús ag ráta 8% in aghaidh na bliana ar CTCC neamhíoctha.

Tiocfaidh formhuirir aníos i leith aon tearcluacháil ar an láithreán ábhartha sa tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim, nó sa chás go dtíolactar an tuairisceán go déanach.

Tá agus fanfaidh aon CTCC neamhíoctha ina mhuirear ar an talamh.