Céard is gá a dhéanamh

Seiceáil ar chóir duit clárú le haghaidh CTCC

Is é an 1 Feabhra 2025 an chéad dáta dliteanais do CTCC, agus beidh tú in ann clárú ó Eanáir 2025. Má tá do thalamh ar an léarscáil athbhreithnithe do 2025 a foilsíodh faoin 31 Eanáir 2025, ní mór duit tuairisceán a thíolacadh agus an CTCC a íoc ar nó roimh an 23 Bealtaine 2025.

Má tá an mhaoin faoi réir Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ), ní gá duit aon rud a dhéanamh mura bhfuil gairdín nó tailte na maoine níos mó ná 0.4047 heicteár (1 acra).

Má tá sé níos mó ná 0.4047 heicteár (1 acra), beidh ort clárú le haghaidh CTCC leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ní bheidh ort tuairisceán bliantúil a thíolacadh, áfach, ná an cháin a íoc.

Cén chaoi le clárú le haghaidh CTCC

Má tá talamh agat san áireamh ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil, seachas maoin chónaithe le gairdín nó clós níos lú ná 0.4047 heicteár (1 acra), ní mór duit féin nó do ghníomhaire clárú ar líne trí:

Nuair a bheidh láithreán CTCC cláraithe, eiseofar uimhir aitheantais uathúil an láithreáin d'úinéirí.

I gcás úsáideoirí ROS, féadtar teacht ar CTCC tríd an nasc 'Bainistigh Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe' ar an gcluaisín 'Mo Sheirbhísí Féin'.

I gcás úsáideoirí moChúrsaí, féadtar rochtain a fháil ar CTCC tríd an nasc 'Bainistigh Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe' ar an gcluaisín 'Seirbhísí Maoine agus Talún'.

Ar aghaidh: Seiceáil do spriocdhátaí tíolactha agus íocaíochta