Céard is gá a dhéanamh
Léargas ginearálta
Is cáin bhliantúil fhéinmheasúnaithe í an Cháin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC), a ríomhtar ag 3% de luach margaidh na talún laistigh de mhuirear na cánach.
Tá talamh atá le feiceáil ar léarscáil athbhreithnithe bhliantúil a fhoilsíonn an t-údarás áitiúil ábhartha agus nach maoin chónaithe atá ann faoi dhliteanas na cánach. Tugtar ‘láithreán ábhartha’ ar an talamh seo. Iarrtar ort athbhreithniú a dhéanamh ar na léarscáileanna seo chun a dheimhniú go bhfuil nó nach bhfuil do thalamh faoi réir na cánach.
Tá maoine áirithe eisiata ón gcáin fiú má tá siad le feiceáil ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil, amhail maoine cónaithe atá faoi réir na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).
Ní mór duit, áfach, clárú le haghaidh CTCC más rud é go bhfuil do mhaoin chónaithe:
- san áireamh ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil
- agus
- go bhfuil gairdín nó clós ann atá níos mó ná 0.4047 heicteár (1 acra).
Tabhair do d’aire
Tugann an tAcht Airgeadais 2024 deis iarratas athchriosaithe a dhéanamh chuig Údaráis Áitiúla ar thalamh, atá le feiceáil ar an léarscáil athbhreithnithe do 2025 a foilsíodh ar an 31 Eanáir 2025.
I gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe, féadfaidh úinéir talún díolúine a éileamh ó CTCC do 2025 de bhun iarratas athchriosaithe den chineál sin a dhéanamh. Ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d'údarás áitiúil chun an t-iarratas athchriosaithe seo a dhéanamh. Chun an díolúine do 2025 a éileamh, ní mór an t-iarratas seo a dhéanamh chuig an údarás áitiúil fiú sa chás gur tíolacadh iarratas athchriosaithe roimhe sin maidir leis an talamh sin. Tá tuilleadh eolais ar an bpróiseas athchriosaithe le fáil ar gov.ie/rzlt.
Chun an díolúine seo a éileamh, ní mór duit clárú le haghaidh CTCC agus tuairisceán CTCC do 2025 a thíolacadh faoin 23 Bealtaine 2025.
Má tá do thalamh san áireamh ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil, agus nach maoin chónaithe atá ann, tá sé faoi réir CTCC. Tugtar ‘láithreán ábhartha’ air seo.
Ar aghaidh: Seiceáil an bhfuil do thalamh ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil