Céard is gá a dhéanamh

Seiceáil an bhfuil do thalamh ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil

léarscáileanna ullmhaithe agus foilsithe ag údaráis áitiúla ina n-aithnítear talamh laistigh de scóip na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC).

Foilsíonn údaráis áitiúla na léarscáileanna deiridh, a athbhreithnítear go bliantúil, faoin 31 Eanáir gach bliain ag tosú i mí Eanáir 2025.

Déanfaidh údaráis áitiúla na léarscáileanna seo a nuashonrú gach bliain chun aon talamh breise a thagann faoi raon feidhme na cánach a chur san áireamh agus chun aon talamh a thiteann lasmuigh de scóip na cánach a chur as an áireamh.

Ba chóir duit na léarscáileanna seo a sheiceáil chun a mheas an bhfuil do mhaoin inmhuirir i leith CTCC.

CTCC athbhreithnithe agus dréacht-léarscáileanna

Léarscáil athbhreithnithe do 2025

Sa léarscáil athbhreithnithe do 2025, a foilsíodh an 31 Eanáir 2025, sainaithnítear talamh a d'fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas i leith na cánach in 2025. Ní mór d'úinéirí na talún sin iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ábhartha chun criosú na talún seo a athrú roimh an 1 Aibreán 2025.

Má chomhlíontar coinníollacha áirithe, féadfaidh úinéir talún díolúine a éileamh ó dhliteanas 2025 de bhun iarratas den chineál sin a dhéanamh.

Chun leas a bhaint as an díolúine seo, iarrtar ar úinéirí talún iarratas nua athchriosaithe a thíolacadh fiú sa chás gur tíolacadh ceann roimhe seo maidir leis an talamh sin.

Dréacht-léarscáil athbhreithnithe do 2026

Aithnítear sa dréacht-léarscáil athbhreithnithe do 2026, a fhoilseofar faoin 1 Feabhra 2025, talamh a d'fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas i leith na cánach in 2026.

Féadfaidh úinéirí talún den chineál sin agus tríú páirtithe leasmhara tíolacthaí a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ábhartha maidir le talamh a chur ar an dréacht-léarscáil athbhreithnithe seo, nó an dáta ar chomhlíon an talamh na critéir atá le cur san áireamh ar léarscáil.

Ní mór na tíolacthaí seo a dhéanamh roimh an 1 Aibreán 2025.

Maoine Cónaithe

Tabhair do d’aire, cé go bhféadtar iad a chur san áireamh ar na léarscáileanna seo, ní gá iarratas nó tíolacadh athchriosaithe a dhéanamh chun maoine cónaithe a bhaint den léarscáil.

Maidir le fiosruithe i leith talamh a bheith san áireamh ar léarscáileanna CTCC, lena n-áirítear fiosruithe i dtaca le criosú agus seirbhísiú, déan teagmháil leis an relevant local auhority le do thoil.

 Mura n-aontaíonn tú le cinneadh an t-údarás áitiúil do thalamh a chur ar léarscáil, féadtar achomharc a chur faoi bhráid An Bord Pleanála.

An bhfuil aon eisiamh ó CTCC?

Tá maoine cónaithe eisiata ó CTCC, fiú má tá siad le feiceáil ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil. Mar sin féin, ag brath ar mhéid do ghairdín nó do chlóis, féadfaidh sé go mbeidh ort clárú le haghaidh CTCC fós.

Tá cineálacha áirithe talún eisiata ó CTCC in ainneoin iad a bheith criosaithe le haghaidh úsáide cónaithe agus seirbhísithe agus níl siad le feiceáil ar léarscáileanna CTCC. D'fhéadfaí a áireamh mar shampla siopa, faoi dhliteanas rátaí tráchtála a íoc, a sholáthraíonn seirbhísí do chónaitheoirí i gceantar cónaithe in aice láimhe.

Ar aghaidh: Seiceáil an bhfuil tú faoi dhliteanas CTCC