Céard is gá a dhéanamh

Seiceáil an bhfuil tú faoi dhliteanas CTCC

Tá CTCC iníoctha ag 'úinéir' an 'láithreáin ábhartha' ar an dáta dlite, ar a dtugtar an 'duine dliteanach'.

D'fhéadfadh réimse leathan úinéirí a bheith ag talamh laistigh de raon feidhme CTCC lena n-áirítear daoine aonair, cuideachtaí, iontaobhais, cistí agus comhpháirtíochtaí.

Sainmhínítear 'úinéir' mar seo a leanas:

  • an t-úinéir cláraithe, nó measta cláraithe, faoin Acht um Chlárú Teidil 1964
  • i gcás talamh a bheith neamhchláraithe, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, atá i dteideal cíos forlán na talún a fháil, nó a mbeadh an teidlíocht sin acu dá mbeadh an talamh ligthe amhlaidh, cibé acu ina cheart nó ina ceart féin, nó mar iontaobhaí nó gníomhaire, nó d'aon duine eile
  • aon duine eile a dtugann a leas sa talamh teidlíocht dóibh an talamh a fhorbairt.

Sa chás go bhfuil níos mó ná úinéir amháin ar do láithreán, ní mór duit duine de na húinéirí a ainmniú mar an 'Duine Dliteanach Ainmnithe'. Comhlíonfaidh an Duine Dliteanach Ainmnithe seo na hoibleagáidí cánach go léir i ndáil leis an láithreán sin thar ceann gach comhúinéir.

Tá an 'Duine Dliteanach Ainmnithe' freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí i leith CTCC, amhail:

  • tuairisceáin a thíolacadh
  • agus
  • íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann na gcomhúinéirí uile.

Cén uair atá CTCC inmhuirir agus dlite le híoc?

Maidir le talamh a chomhlíon critéir an CTCC ar an 1 Eanáir 2022, nó le linn 2022, beidh CTCC:

  • gearrtha ar an 1 Feabhra 2025
  • agus
  • tá an tuairisceán agus íocaíocht bliantúil dlite ar nó róimh an 23 Bealtaine 2025.

Maidir le talamh a chomhlíon na critéir CTCC tar éis an 1 Eanáir 2022, beidh CTCC gearrtha ar an 1 Feabhra sa tríú bliain tar éis na bliana ar tháinig sé faoi scóip na cánach.

Mar sin, beidh talamh a chomhlíon na critéir ábhartha le linn 2022 faoi dhliteanas na cánach den chéad uair ar an 1 Feabhra 2025.

Ar aghaidh: Seiceáil ar chóir duit clárú le haghaidh CTCC