Bhí cónaí ar Sheán i dteach ceithre sheomra leapa i gceantar tuaithe don chuid is mó dá shaol. Nuair a bhog a pháistí amach as an maoin sin, cheannaigh Seán árasán i mbaile mór. Bhí sé ina chónaí san árasán seo ar feadh dhá bhliain go dtí go ndeachaigh a shláinte in olcas agus bhog sé go dtí ionad cúraim. Fuair Seán bás ar an 17 Samhain 2022.
Nuair a d'éag sé, bhí árasán Sheáin agus an teach ceithre sheomra leapa folamh. Níorbh é an teach ceithre sheomra leapa príomháit chónaithe Sheáin ag am a bháis. Ní bheidh sé in úsáid mar áit chónaithe ar feadh 30 lá nó níos mó le linn na dtréimhsí inmhuirir seo a leanas:
- 1 Samhain 2023 – 31 Deireadh Fómhair 2024
agus
- 1 Samhain 2024 – 31 Deireadh Fómhair 2025.
Má leanann an teach de bheith folamh, ní fhéadtar aon díolúine ó CTF a éileamh i leith an tí agus tiocfaidh muirear ar CTF aníos. Ba é an t-árasán an t-aon áit chónaithe nó an phríomháit chónaithe a bhí ag Seán tráth a bháis. Féadtar díolúine ó CTF a éileamh i leith an árasáin do na tréimhsí inmhuirir thuasluaite.